The Land War 2
Cogadh na Talún 2
Ridgeway, the under secretary at Dublin Castle became increasingly aggravated by Fr. McFadden’s and Fr Stephen’s activities. This culminated in the arrest of Fr McFadden. On the 31st of January, Fr McFadden was taken before Dunfanaghy court and charged with
- Inciting the people to refuse to pay their rents.
- Taking part in a criminal conspiracy viz. the Plan of Campaign.
Almost a year had passed since the Plan of Campaign was adopted on the Olphert estate. There was relative calm. However, by the end of 1888, eviction orders had been decreed. On the first of January, the first of ninety-four evictions for that year took place. The first tenant to be evicted was Paddy O’Donnell, a blacksmith from Bedlam.
On the 3rd of February 1889, Fr McFadden was re-arrested. Tragedy, unfortunately, surrounded his arrest with the murder of District Inspector Martin. Fr Stephens too was re-arrested on the 24th of February. R.I.C. District Lieutenant Cameron was confident that with these arrests, one for murder, the other for conspiracy that all elements of agitation would subside. But the situation only worsened with the boycott of Wybrants Olphert and his associates. The impact of this boycott seemed to have little effect on Wybrants Olphert other than strengthening his resolve.
The Cloughaneely conflict was drawing international attention. Famous personalities came to monitor and report on the situation. Among them were Maud Gonne McBride, Pat O’Brien M.P. (He was responsible for the funding and construction of Land League huts built in Killult, Heathfield, Baltony and Carrowcannon); Mr Russell M.P.; Mr Conybeare (he was jailed for supplying bread to besieged tenants); his colleagues, Mr Benson, an Oxford Professor and Mr Harrison. They were also imprisoned.
Balfour, the Lord Lieutenant of Ireland recognising the bad publicity already generated desired to defuse the situation. He did not want the Crown to proceed with Fr. McFadden’s murder charge nor did he wish to see the evictions continue.
He sought compromise. Mr J.H Tuke was appointed as an intermediary to negotiate between the different parties on the Olphert estate. Negotiations failed. In 1890, two hundred and sixty two evictions took place.
The plight of the tenants was miserable. Bishop O’Donnell gave a £100 donation to buy Indian meal and seed potatoes to feed the evicted. He offered Olphert £2,500 for the £3,000 arrears accumulated. Olphert refused.
For many years to follow, many families lived in small huts surviving on charitable donations. It was only with the Wyndham Act of 1903 that they were able to avail of monies to purchase their property. It would be the first time in three hundred years the people of Cloughaneely would own their own lands.
Dhírigh na sagairt a n-aird anois ar eastát Olphert, ag gríosadh na tiontóntaí le bheith rannpháirteach sa Plan of Campaign agus glacadh lena chuid polasaithe.
Bhí na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe an fo-rúnaí Ridgeway, ag éirí iontach corraithe faoi na rudaí a bhí ar siúl ag na sagairt Mac Pháidín agus Mac Stiofáin. Gabhadh an tAth. Mac Pháidín ar an 31ú Eanáir agus tugadh é go Teach Cúirte Dhún Fionnachaidh, áit ar cuireadh ina leith go raibh sé
Ar an 3ú lá de mhí na bhFaoilleach, beireadh ar an sagart Mac Pháidín athuair ach, ar an drochuair, tharla tragóid ar an ócáid seo nuair a dúnmharaíodh cigire de chuid na bpéas, An Máirtíneach. Gabhadh an tAth. Mac Stiofáin arís fosta, ar an 24ú de na Faoilligh. Bhí na sagairt anois i bpríosún, dúnmharú i leith fir amháin, comhcheilg i leith an fhir eile. Ar an tséala sin, bhí Leifteanant Dúiche an R.I.C., fear darbh ainm Cameron, cinnte go mbeadh deireadh leis na trioblóidí uilig. Ach ní hamhlaidh a bhí. D’éirigh rudaí ní ba mheasa agus rinneadh baghcat ar Olphert agus a chairde. Is beag tionchar a bhí ag an mbaghcat ar Olphert, diomaite de é a dhéanamh níos dáighe.
Faoin am seo, bhí na heachtraí a bhí ag titim amach i gCloich Cheann Fhaola ag tarraingt aird idirnáisiúnta orthu féin. Tháinig daoine iomráiteacha chun na háite go bhfeicfeadh siad agus go scríobhfadh siad fá cad é a bhí ag tarlú. Ina measc, bhí Maud Gonne McBride; Pat O’Brien, M.P. (ba eisean a ba chúis le ciste airgid a chur ar bun sa dóigh go raibh Cumann na Talún in inmhe botháin a thógáil i gCill Ulta, ag Heathfield, ar An Bhealtaine agus ar An Cheathrú Cheanainn do theaghlaigh a cuireadh as seilbh); Mr Russell, M.P.; Mr Conyboere (cuireadh eisean i bpríosún cionn is go dtug sé arán do thionóntaí a bhí faoi léigear); agus a chomhghleacaithe, Mr Benson, ollamh de chuid Oxford, agus Mr Harrison. Cuireadh an bheirt acusan i bpríosún fosta.
Ba é Balfour a bhí ina Fhear Ionaid in Éirinn ag an am. Bhí sé i bhfách le deireadh a chur leis an droch phoiblíocht agus réiteach a fháil ar an scéal. Lena chois sin, ní raibh sé ag iarraidh go rachadh an cás dúnmharaithe in éadan an Ath. Mac Pháidín ar aghaidh nó go gcuirfidh teaghlaigh ar bith eile as a seilbh feasta. Ar mhaithe le teacht ar chomhréiteach, chuir sé J.H. Tyke go Cloich Cheann Fhaola le bheith ina idirghabhálaí idir Olphert agus a chuid tionóntaí. Níor éirigh leis an idirbheartaíocht. Agus sa bhliain 1890, cuireadh dhá chéad agus trí scór teaghlach amach as a gcuid tithe.
Bhí cás na dtionóntaí go dona. Thug an tEaspag Ó Domhnaill síntiús de £100 le min bhúi agus prátaí síl a chur ar fáil don mhuintir a bhí díshealbhaithe. Thairg sé £2,500 do Olphert chun na fiacha de £3,000 a ghlanadh. Dhiúltaigh Olphert.
Ar feadh blianta fada, bhí go leor, leor teaghlach beo bocht i mbotháin bheaga agus iad i muinín na déirce. Ní tháinig athrach ar an scéal go dtí gur cuireadh Acht Wyndham i bhfeidhm sa bhliain 1903 agus faoi dheireadh bhí siad ábalta airgead a fháil lena ngabháltais a cheannacht. Bá í sin an chéad uair le trí chéad bliain a raibh úinéireacht ag muintir Chloich Cheann Fhaola ar a gcuid talaimh féin.

- ag gríosadh daoine gan a gcíos a íoc, agus
- rannpháirteach i gcomhcheilg mhídhleathach, sé sin an Plan of Campaign.

Location
An tSean Bheairic
An tSráid Mhór
An Fál Carrach
Co. Dhún na nGall
F92 YE2C