Gaelic Law and Society - The Plantation of Ulster

Dlíthe agus Pobal na nGael - Plandáil Uladh

Prior to the establishment of English order and supremacy an organised social structure existed within this country. History records that the “Túath” was the basis of society. Each ‘tuath’ was a small, independent, tribal Kingdom, hierarchal in formation with the ‘Rí’ as the authority on and overseer of social cohesion and justice.

When a crime was perpetrated against an individual, the punishment depended on the rank of the victim in the ‘Túath’. “For a small facial wound the highest grade of Lord is entitled to a milch cow. For the same injury, the ‘inol’ (apprentice) receives only a fleece” (1)

From the 14th to the 16th Century, law schools flourished in Ireland. Successful graduates would have been subsequently employed as legal advisors to the chieftains and their clans. The Mag Uinsennain (McGilsenan) family were the lawyers to the O’Donnells of Tír Chonaill while the Ua Breislein (O’Breslin) were in the service of the Maguires of Fermanagh.

With the defeat of the Ulster Chieftains, O’Neill of Tyrone and O’Donnell of Tír Chonaill, at the Battle of Kinsale (1601) Gaelic law and order crumbled. The Treaty of Melifont (1603) marked its entire demise with O’Neill and O’Donnell being reduced to loyal English subjects. Soon sheriffs were appointed to ensure that the new laws were enforced. In the wake of this subjection, O’Neill and O’Donnell along with other prominent chieftains left the shores of Rathmullen on the 4th September 1607 to seek out a new destiny. With “the Flight of the Earls”, Ulster was left leaderless. This devastation is recorded faithfully in the following;

“D’imigh clanna Néill tha saile is tá Éire cráidithe o d’imithigh siad”. (The O’Neill Clans have gone abroad and Ireland is broken since they left.)

With their departure O’Neill and O’Donnell were impeached for treason and declared as traitors. The way was now open for the English to enforce their jurisdiction over the province as Ulster was forfeit to the Crown.

(1) Fergus Kelly, A Guide to Early Irish Law
Book of survey and distribution - The Plantation of Ulster. History of An tSean Bheairic, The Old Barracks, Falcarragh, County Donegal, Ireland
Sular chuir ardcheannas agus dlíthe na Sasana bunadh na hÉireann faoi chois, bhí struchtúr eagraithe sóisialta i réim sa tír seo. De réir na staire, ba í an “Tuath” dúshraith an phobail. Ríocht bheag treibheach neamhspleách a bhí sa Tuath, lena Rí féin a choinnigh a threibh le chéile agus a ghníomhaigh mar bhreitheamh nuair a bhí gá leis.

Má rinneadh coir ar dhuine, bhí an pionós ag brath ar an stádas sa Tuath a bhí ag an duine a ndearnadh an éagóir air. Mar chúiteamh ar ghoin bheag san aghaidh, bhí flaith den ghrád ab airde i dteideal bó bhainne a fháil. Don ghortú céanna, ní bhfaigheadh “inol” (printíseach) ach lomra.

Bhí borradh mór sna scoileanna dlí in Éirinn idir an ceathrú haois déag agus an séisiú haois déag. Nuair amháin a bheadh na mic léinn oilte, gheobhadh siad fostaíocht mar chomhairleoirí dlí ag na taoisaigh agus a dteaghlaigh. Ba iad clann Mag Uinseannain a bhí ina ndlíodóirí ag Dálaigh Thír Chonaill agus ba iad muintir Ua Breislein a rinne freastal ar Chlann Mag Uidhir, taoisaigh Fhear Manach.

Nuair a briseadh ar Ó Néill Thír Eoghain agus Ó Domhnaill Thír Chonaill ag Cath Cheann tSáile (1601), thit dlíthe agus córas na nGael as a chéile. Chuir Conradh Melifont (1603) críoch iomlán leis an seanchóras agus b’ionann Ó Néill agus Ó Domhnaill le géillsínigh faoi chuing na Sasana. Gan mhoill, bhí serriamaí ceaptha le feiceáil chuige go gcuirfí na dlíthe úra i bhfeidhm. Siocair na daoirse seo, shocair Ó Néill agus Ó Domhnaill imeacht as an tír agus ar an 4ú lá de Mheán Fómhair 1607, sheol siad féin agus taoisigh móra eile amach as Ráth Maoláin ar a mbealach go Mór-roinn na hEorpa. D’fhág “Teitheadh na nIarláí” Cúige Uladh gan treoir, gan ceannurraidh. Cuireadh síos ar an bhánú sna línte seo leanas;

“D’imthigh clanna Néill thar sáile is tá Éire cráidhte ó d’imthigh siad”

Iar a dteitheadh, ciontaíodh Ó Néill agus Ó Domhnaill i dtréas agus fógraíodh iad mar fhealltóirí. Gabhadh Cúige Uladh mar éiric agus cuireadh tús le Plandáil Uladh le lámh láidir.

Le linn an Dara Cogaidh Domhanda, bhí na Gardaí Síochána, i gcomhar leis an Fórsa Cosanta Áitiúil (FCA), ar dualgas ar fud fad na tíre le déanamh cinnte nach ndéanfaí sárú ar neodracht na hÉireann. Chiallaigh seo go raibh orthu súil ghéar a choinneáil ar na cladaí agus monatóireacht a dhéanamh ar eitleáin san aer.

Location


An tSean Bheairic
An tSráid Mhór
An Fál Carrach
Co. Dhún na nGall
F92 YE2C

Contact


+353 (0)74 9180655

eolas@antseanbheairic.ie


An tSean Bheairic on Facebook
An tSean Bheairic on Instagram
An tSean Bheairic on YouTube