Crime and Cloughaneely

from 1870s to the 1920s


Coireacht agus Cloich Cheann Fhaola Ó na 1870’dí go dtí a 1920’dí

Lifford Old Courthouse. History of An tSean Bheairic, The Old Barracks, Falcarragh, County Donegal, Ireland
The court which sat every other Tuesday had Wybrant Olphert as acting District Magistrate. Broadly the cases presented at these Petty Sessions fall into categories.

1 Trespassing and Wandering Animals

August 1885

Neal Sheridan from Ray was fined 1-6 and ordered to pay costs for allowing his three cows to trespass on Thomas McClintock’s crops in Carrowcannon.

July 1887

Manus McBride from the crossroads, Falcarragh was fined six pence for allowing two of his pigs to wander onto the public road.

June 1885

John Mitchell from Errarooey was fined 2-1 and ordered to pay costs for allowing twenty-five of his geese to trespass on the Olphert estate, Ballyconnell.

2 Land Disputes

May 1885

William Doherty of Cashel was fined ten shillings and two pence for cutting turf on Wybrants Olphert’s land.

May 1885

Denis McClafferty, Neddy and Daniel McFadden, Hugh Gallagher and Paddy Doogan were all charged with the unauthorised removal of seaweed from the Druminatinney shores. They each received a fine of 2-6 and were ordered to pay costs by the District Magistrate who was the plaintiff as well.

February 1877

Edward McGee from the Crossroads was fined three shillings and six pence or alternatively a week’s imprisonment for unlawfully taking possession of his house and property on the Olphert estate from which he was evicted on the 15th December 1876.

3 Animal Related Crimes

February 1885

Shaun McGeady of Upper Baltony was fined fourteen shillings. His dog killed one of Bryan McGinley’s sheep.

July 1887

Edward McClafferty, Dunmore was found guilty of using a loop to poach salmon. He was fined two pounds. One third of the amount was given to the informer.

May 1877

Rose Gallagher, Derryreel; Frances McGarvey, Shroohan; Hugh McFadden, Ballyboes; John Gallagher, Moyra and others were fined for having no dog licence. All were ordered to pay one shilling and costs.

4 Adverse Possession and Money Matters

 August 1877

Catherine Harkin from Dunmore was accused by Ann Harkin of Carrowcannon of unlawfully retaining a spinning wheel in her possession. The matter was resolved privately. Neither made a court appearance.

February 1877

Patrick Brogan, Killult, failed to pay James Doohan, Driminatinny, wages amounting to the sum of 4-8. He was found guilty and fined 4-8 plus costs.

5 Assault and the Obstruction of Police Duties

January 1886

Connell Gallagher of Tulloughabegly Irish and Patrick McCue of Fanmore, were brought before the petty sessions court for fighting. They were charged for assaulting each other and fined 2-6 each.

6 Health and Environment

To ensure that Typhus and other deadly diseases were controlled a programme of compulsory vaccinations was introduced. Every infant of six months and older was bound by law to be vaccinated. Shaun Mulhern, Calhame, was one of a number of people who failed to comply and he was fined 2-6 plus costs of 3-10.

January 1886

Daniel Magee of Calhame received two fines of two pounds and nine shillings for refusing to keep the waste from his mill at the designated place in accordance with the statute.

 7 Sunday Work

 October 1887

Hugh McFadden and his son were summoned for breach of the Sabbath by stacking corn. They were fined six shillings each and costs.

 8 Speeding

Paddy Mulhern, Ballyconnell is the first person recorded with a speeding offence in Falcarragh. It is recorded that he “furiously and violently drove his horse through the public street”. He was fined four shillings and ordered to pay costs of one shilling.

9 Drink Related Offences

July 1877

Daniel Gallagher was required to present his licence to the court for having his public house opened for the sale of intoxication liquor at an hour prohibited by law.

May 1877

On St Patrick’s Day 1877, five men were arrested for drunken and disorderly behaviour. At the court summons, all were ordered to pay two shillings each and costs. Subsequently one of these men, Charles McGinley, from Drumtinney appeared before the court accused of being in charge of a horse while drunk. He was fined five shillings and costs and if in default four days in Lifford jail.

July 1877

John McGee of Carrowcannon was fined drunk while in charge of a horse and cart. He was fined two shillings and costs.
The above cases presented at the Falcarragh petty sessions may be classed as minor crime. Those of a more serious nature were referred to the county court at Lifford.

10 Murder

On the first of August 1871, Mrs Mary McFadden, a mother of three young girls was murdered in Erroroory. Her murder, its seems, resulted from a dispute over land. The two men accused, the McCallog’s were referred to the county court. After a third trial, they were found guilty of attempting to murder her husband, Owen McFadden. They were sentenced to penal servitude.

In 1917, Mrs McFadden, a widow who lived at the foot of Muckish was murdered in an attempted robbery. In 1919, Michael McFadden, aged 65 who resided in Upper Baltony was beaten to death by a shovel. Although a charge was brought against a particular individual, the Resident Magistrate decreed that since a ‘prima facie’ case could not be established the accused be released.

Bhíodh cúirt ar siúl dara achan Mháirt agus ba é Wybrants Olphert a ghníomhaigh mar Ghiúistís Dúiche. Seo a leanas sampla de na cineálacha coireanna a tháinig os comhair an Bhreithimh ag na mionchúirteanna sin:

1. Foghail agus Ainmhithe ar strae

Lúnasa 1885


Cáineadh Niall Ó Sirideáin as an Ráithe 1/6d. agus costais cionnas gur lig sé dá thrí bhó a dhul isteach fríd chuid barr Thomáis Mhíc Giolla Ionntóg ar an Cheathrú Cheanainn.

 Iúil 1887 

Cáineadh Mánus Mac Giolla Bhríde as Na Croisbhealaí, An Fál Carrach, sé pingne siocair gur lig sé do dhá mhuc a dhul amach ar an bhealach mór.

 Meitheamh 1885

Gearradh cáin de 2/1d. agus costais ar Sheán Mistéil, as Oirear Dhumhaí, cionnas gur lig sé do cúig ghé is fiche dá chuid foghail a dhéanamh ar eastát Olphert, Baile Chonaill.

 2. Troid fá Thalamh

 1885 

Cuireadh d’iallach ar Liam Ó Dochartaigh as an Chaiseal deich scillinge agus dhá phingin de cháin a íoc nuair a ghearr sé móin ar chuid talaimh Wybrants Olphert.

 Bealtaine 1885

Cuireadh i leith na bhfear seo leanas go dtug siad leo feamnach ó chladaí Dhroim na Tine gan cead: Donnchadh Mac Laifeartaigh, Neidí agus Dónall Mac Pháidín, Aodh Ó Gallchóir agus Paidí Ó Dúgáin. Ghearr an Giúistís Dúiche fíneáil de 2/6d. ar gach fear acu chomh le costaisí a íoc leis an ghearánaí �€� an Giúistís Olphert é féin.

 Feabhra 1877 

Cáineadh Éamonn Mac Aoidh as Na Croisbhealaí trí scillinge agus sé pingine nó seachtain i bpríosún as siocair gur ghlac sé seilbh go neamhdhleathach ar a theach agus ar ghabháltas féin ar eastát Olphert as ar caitheamh amach é cúpla mí roimhe sin, ar an 15ú lá de mhí na Nollag, 1876.

 3. Coireanna a raibh baint acu le hainmhithe

 Feabhra 1885 


Gearradh fíneáil de cheithre scillinge déag ar Sheán Mac Éidigh as An Bhealtaine Uachtarach mar gur cuireadh ina leith gur mharaigh a mhadadh caora le Brian Mac Fhionnlaoich.

 Mí Iúil 1887

Fuarthas Éamonn Mac Laifeartaigh, An Dún Mór, ciontach as a bheith ag dóladh bradán. Cáineadh dhá phunt é. Tugadh an tríú cuid den airgead sin don spíodóir a rinne an feall air.

 Bealtaine 1877

Gearradh fíneáil ar Róise Ní Ghallchóir, Doire Uí Fhríl, Frances Nic Gairbheith, Sruthán, Aodh Mac Pháidín, Baile na Bó, Seán Ó Gallchóir, Maigh Ráithe, agus daoine eile cionnas nach raibh ceadúnais madaidh acu. B’éigean daofa fíneáil de scilling amháin an duine a íoc chomh maith le costaisí.

 4. Seilbh Chodarsnach agus Cúrsaí Airgeadais

 Lúnasa 1877 

Chuir Anna Ní Earcáin as an Cheathrú Cheanainn i leith Chaitríona Ní Earcáin as an Dún Mór go raibh sí ag coinneáil a tuirne gan a cead. Shocraigh siad an chasaoid go príobháideach agus ní tháinig ceachtar acu os comhair na cúirte.

 Feabhra 1877 

Cuireadh i leith Phádraig Ó Brógáin as Cill Ulta nár íoc sé an tuarastal de 4/8d. a bhí tuillte ag Séamus Ó Dubhchoin, Droim na Tine. Fuarthas ciontach é agus cáineadh 4/8d. é chomh maith le costais.

 5. Ionsaí agus Bac ar Phéas i mbun a ndualgais

 Mí Eanáir 1886


Tugadh Conall Ó Gallchóir, Tulacha Beigile Thiar, agus Pádraig Mac Aodha, Fána Mhór, os comhair na cúirte cionnas go raibh siad ag troid. Fuarthas ciontach iad as ionsaí a dhéanamh ar a chéile agus cáineadh 2/6d. an duine iad.

 Bealtaine 1885

Gearradh fíneáil de chúig scillinge agus costaisí de scilling amháin ar Dhónall Ó Fearraigh, Gort an Choirce, siocair go ndearna sé ionsaí ar an chonstábla Aindréas Mac Giolla Chearra le linn do a bheith i mbun a chuid dualgas ar an 17ú lá d’Aibreán, 1885.

 6. Sláinte agus An Timpeallacht

Le déanamh cinnte go mbeadh ábalta an galar Tífeas agus aicídeacha marfacha eile a choinneáil faoi smacht, cuireadh i bhfeidhm clár do vacsaíniú éigeantacha. De réir an dlí, chaithfí vacsaín a thabhairt do gach páiste a bhí sé mhí nó níos sine. Ar chúis amháin nó cúis eile, bhí daoine ann nach bhfuair an vacsaín dá gcuid páistí agus bhí Seán Ó Maolchiaráin, Calhaem, ar fhear acu sin. Gearradh fíneáil de 2/6d. air chomh maith le costaisí de 3/10d.

 Eanáir 1886 

Gearradh fíneáil ar Dhónall Mac Aoidh as Calhaem dhá uair, £2 9s. 0d. gach iarraidh, nuair a fuarthas ciontach é as diúltiú an t-ábhar dramhaíola óna mhuileann a choinneáil san áit a bhí dlite go reachtúil dá leithéid.

 7. Obair an Domhnaigh

 Deireadh Fómhair 1887


Tugadh Aodh Mac Pháidín agus a mhac os comhair na cúirte de bhrí gur bhris siad an tSabóid nuair a rinne siad cruach choirce ar an Domhnach. Cáineadh an bheirt acu sé scillinge an duine agus costaisí.

 8. Ag Tiomáint Ró-ghlasta

Is é Páidí Ó Maoilchiaráin, Baile Chonaill, an chéad duine ar bhfuil tuairisciú déanta air i dtaca le bheith ag tiomáint ró-ghasta ar an Fhál Charrach. Deirtear go raibh sé ag marcaíocht a chapall ar luas mire ar an tsráid phoiblí. Cáineadh ceithre scillinge é agus tugadh ordú dó costaisí scilling amháin a íoc.

 9. Coireanna Ólacháin

 Mí Iúil 1877


B’éigean do Dhónall Ó Gallchóir a cheadúnas a thabhairt suas don chúirt de thairbhe gur choinnigh sé a theach tábhairne foscailte ar mhaithe le deochanna meisciúla a dhíol i ndiaidh an ama a bhí ceadaithe de réir an dlí.

 Bealtaine 1877

Ar Lá Fhéile Pádraig 1877, beireadh ar chúigear fear agus cuireadh ina leith go raibh siad ar meisce agus mí-iomprach. Nuair a tugadh os comhair na cúirte iad, gearradh fíneáil de chúig scillinge an duine, chomh maith le costaisí, orthu uilig. Tugadh fear amháin díofa seo, Cathal Mac Fhionnlaoich as Droim na Tine, os comhair na cúirte arís agus cuireadh ina leith go raibh sé ar meisce nuair a bhí capall faoina chúram. Ordaíodh dó fíneáil de chúig scillinge agus costaisí a íoc, sin nó ceithre lá i bpríosún Leifir.

 10. Dúnmharú

Ar an lad lá de mhí Lúnasa, 1871, dúnmharaíodh Máire Bean Mhic Pháidín, máthair a raibh triúr iníon óga aici, i mbaile fearainn Oiréar Dhumhaí. De réir cosúlachta, bhí aighneas fá thalamh ina chúis lena dúnmharú. Tugadh an bheirt fhear, ar cuireadh an feall ina leith, clann darbh ainm Mac Calgaigh, go Cúirt na Contae. I ndiaidh trí thriail, fuarthas ciontach iad ar iarracht a dhéanamh ar fhear céile a dhúnmharú. Gearradh pionós príosúin orthu.

Sa bhliain 1917, maraíodh baintreach den ainm céanna - Bean Mhic Pháidín - a bhí ina cónaí ag bun na Mucaise, le linn eachtra gadaíochta. Agus sa bhliain 1919, maraíodh Micheál Mac Pháidín as an Bhealtaine Uachtarach, a bhí 65 bliain d’aois, nuair a tugadh buille marfach dó le sluaisaid. Cé gur tugadh cás in éadan duine áirithe, ligeadh saor é de bhrí gur dhúirt an Giúistís Cónaitheach nach bhféadfaí cás prima facie a chruthú.

Location


An tSean Bheairic
An tSráid Mhór
An Fál Carrach
Co. Dhún na nGall
F92 YE2C

Contact


+353 (0)74 9180655

eolas@antseanbheairic.ie


An tSean Bheairic on Facebook
An tSean Bheairic on Instagram
An tSean Bheairic on YouTube