Cloughaneely and the Aftermath of the Plantation
Cloich Cheann Fhaola agus Iarmhairt na Plandála
For his loyalty to the Crown, Harte, on the 10th June 1611, was granted circa 1,000 acres in Cloughaneely which included the following hinterlands - Magheraroarty, Ardsbeg, Ballynass, Ballyconnell, Drumatinny, Ardsmore, Gortahork and Innisboffin. Harte had the responsibility to maintain an armed garrison and to secure English rule. The garrison was located at the Bawane River and what is believed to be the entrance to it is still evident.
In the 1620’s due to financial strain and debt, Harte was forced to sell his acquired property. His purchaser was Wybrants Olphert, a Dutchman living in Derry who paid a handsome sum of £300 sterling. In March 1638, a royal patent was issued by King Charles I giving title to him. There would be eight generations of Olpherts in Cloughaneely from 1622 - 1927. In becoming the prominent landlords of the area, they would play a dominant role in the history of the parish.
It seems that after the Plantation of Ulster, the English government was primarily concerned with using military force to ensure religious adherence, believing that this would make the Irish loyal. The most notable local persecution which occurred around this time would have been the Massacre at Ray. This carnage was carried out by the Cromwellian platoon, under Captain Cunningham. Seemingly, in July 1652, the Bishop of the dioceses came to minister confirmations. While the ceremony was being conducted, the church was surrounded by Cromwellian soldiers who proceeded to attack and kill the entire congregation, two hundred people in all, and burn the monastery.
Cé go ndearnadh iarrachtaí éagsúla ag iarraidh stop a chur leis an phlandáil, ní raibh éifeacht ar bith leo. D’ionsaigh Cathair Ó Dochartaigh agus a chuid fear An Choill Mhór agus Doire ar an 19ú lá d’Aibreán, 1608, ach buaileadh go tubaisteach iad. In Inis Eoghain ag an am sin, ba é an Caiftín Harte a bhí ina Ardchonstábla i gcaisleán agus i ndún na Coille Móire. Beireadh ar Ó Dochartaigh agus cuireadh chun báis é i gCill Mhic nÉanáin. Chomh maith leis sin, rinneadh ár agus marfach ar Shéan Ó Domhnaill agus a lucht leanúna a theith go Toraigh.
Mar chúiteamh ar a dhílseacht do Choróin na Sasanach, bronnadh corradh le míle acra talamh i gCloich Cheann Fhaola ar Harte. I measc na dtailte seo, bhí ceantar Mhachaire Uí Rabhartaigh, An Ardaidh Bheag, Béal an Easa, Baile Chonaill, Droim na Tine, An Ardaidh Mhór, Gort an Choirce agus Inis Bó Finne. Bhí Harte freagrach as garastún faoi airm a choinneáil suas agus dlí na Sasanach a chur i réim. Bhí an garastún suite in aice le hAbhann an Bhábhúin agus meastar gurb é rian an bhealaigh isteach sa gharastún atá le feiceáil ansin go fóill.
I dtrátha na bliana 1620, b’éigean do Harte a chuid maoine a dhíol siocair go raibh sé i bhfiacha. Ba le Wybrants Olphert, Ollannach a bhí ina chónaí i nDoire, a dhíol Harte an eastát ar £300 steirling. I mí Mhárta 1638, d’eisigh an Rí Séarlas I paitinn ríoga ag tabhairt teideal an eastáit do Olphert. Idir 1622 agus 1927, bhí ocht nglúin de mhuintir Olphert le bheith ag cur fúthu i gCloich Cheann Fhaola agus bheadh ról ceannasach le himirt acu i stair na paróiste de bhrí gurbh iadsan na tiarnaí talaimh a ba chumhachtaí san áit.
Nuair a bhí Plandáil Uladh curtha i gcrích acu, dhírigh Rialtas na Sasana ar dhílseacht don chreideamh Protastúnach a chinntiú le lámh láidir. Chreid na Sasanaigh gurbh é seo an dóigh ab fhearr leis na hÉireannaigh a choinneáil umhal don choróin. I measc an ghéarleanúint a tharla i gCloich Cheann Fhaola san am seo, ba é Ár an Ráithe an tubaiste a ba mheasa. I mí Iúil na bliana 1652 le linn do Easpag na Deoise a bheith ag cur páistí faoina lámh sa mhainistir ansin, tháinig díorma saighdiúir de chuid Chromail, faoi cheannas an Caiftín Cunningham, agus mharaigh siad gach fear, bean agus páiste — 200 duine — dá raibh istigh sa tséipéal agus chuir siad an mhainistir trí thine.

Location
An tSean Bheairic
An tSráid Mhór
An Fál Carrach
Co. Dhún na nGall
F92 YE2C